Rug Muire Mac do Dhia Íosa Críost, Triath na Reann Maireann dá éis ina hóigh An bhean is dóigh do gach dall. Buime is Máthair Mhic Dé Bhí Bean mar í ní fhaca súil Bean ler oscladh flaitheas Dé Do mholfas mé os gach dúil. Ní cosúil í le mnáibh Muire Mhór an bláth nach críon Ní cosúil balsam le moirt Le lionn goirt ní cosúil fíon.